Ní féidir 14 Sráid Henrietta a rochtain ach trí thuras treoraithe. Bíonn ár dTurais á reáchtáil idir Dé Céadaoin agus Dé Domhnaigh gach uair a chloig idir 10am agus 4pm, agus ar an Déardaoin idir 10am agus 6pm. Bíonn muid dúnta Dé Luain agus Dé Máirt.
Is féidir áit a chur in áirithe go pearsanta, ar líne nó ar an nguthán ar +353 1 524 0383. Má bhíonn aon cheist nó aon iarratas agat, cuir ríomhphost chugainn ag info@14henriettastreet.ie.
14 Sráid Henrietta – Ó theach baile mhóir Seoirseach go háit chónaithe tionóntáin
Nuair a iontrálann tú 14 Sráid Henrietta gheobhaidh tú blaiseadh ar stair na cathrach a ghabhann siar breis agus trí chéad bliain i mballaí tí amháin.
Tugann ár dturais threoraithe phearsanta thú ar aistear ó thús galánta Seoirseach an tí a fhad leis na háiteanna cónaithe tionóntáin a bhí ann ina dhiaidh sin. Nochtar na scéalta faoi stair cheilte an fhoirgnimh nuair a dhéantar ceangal le scéalta pearsanta na ndaoine siúd a chónaigh anseo in 14 Sráid Henrietta.
Léirítear sna scéalta faoin teach agus faoin tsráid scéal mhuintir Bhaile Átha Cliath.
Tabhair cuairt ar an teach, éist lena chuid scéalta agus fiosraigh saibhreas stair Bhaile Átha Cliath atá laistigh dá chuid ballaí.