Stair an tí
Stair an tí
Tá ar Shráid Henrietta an bailiúchán is sláine de thithe ó thréimhse luath san ochtú haois déag go dtí lár na hochtú haoise déag in Éirinn. Cuireadh tús le hobair ar an tsráid sna 1720idí nuair a tógadh tithe mar áiteanna cónaithe do na teaghlaigh ba shaibhre i mBaile Átha Cliath. Faoin mbliain 1911, chónaigh ocht gcéad caoga duine ar an tsráid, agus bhí breis agus aon chéad duine díobh siúd in aon teach amháin, anseo ag 14 Sráid Henrietta.
Na 1700idí
Thóg Luke Gardiner Uimhreacha 13-15 Sráid Henrietta go déanach sna 1740idí. Ba é an chéad duine a chónaigh in Uimhir 14 ná an Bíocunta Tiarna Sár-Onórach Richard Molesworth agus a dara bean chéile, Mary Jenney Usher, a thug a mbeirt iníonacha ar an saol sa teach. I measc na ndaoine a chónaigh sa teach ina dhiaidh sin go déanach san ochtú haois déag, bhí Ard-Seansailéir Sár-Onórach na hÉireann, John Bowes, Sir Lucius O’Brien, John Hotham, Easpag Chlochair, agus an dara Bíocunta dhéag, Charles Dillon.
Tá na seomraí leagtha amach in Uimhir 14, cosúil le go leor de na tithe ar Shráid Henrietta, ar bhealach a dhéanann na feidhmeanna poiblí, príobháideacha agus tí a scaradh amach óna chéile. Tá an teach tógtha ar chúig urlár. Tá íoslach faoin teach a ngabhann ráillí timpeall air agus tá siléir bhoghtacha bhrící faoin tsráid os comhair an tí, agus tá gairdín agus eachlann ar chúl an tí, agus bhíodh teach cóiste agus clós stáblaí ann taobh thiar díobh siúd, i dtosach báire.
Bhí na príomhsheomraí a bhí á n-úsáid sa phríomhtheach suite ar urlár na talún agus an chéad urlár. Tá trí sheomra atá ceangailte lena chéile ar na hurláir seo atá leagtha amach timpeall ar halla iontrála galánta dhá stór ina bhfuil staighre cascáideach. Bhí seomraí an teaghlaigh suite ar urlár na talún, ina raibh parlús sráide chun tosaigh, parlús cúl bia, seomra gléasta nó seomra leapa do Thiarna an tí, agus vardrús.
Bhí an piano nobile (nó urlár na n-uaisle) suite ar an gcéad urlár, áit a raibh na seomraí fáiltithe poiblí suite. Is sa pharlús chun tosaigh an áit a ndéanfadh an Tiarna nó an Bantiarna cuairteoirí a óstáil, agus sa seomra bia ar chúl. Bhí an seomra gléasta nó an seomra leapa do bhean an tí, agus vardrús ar an urlár seo, chomh maith. Bhí seomraí leapa an teaghlaigh suite ar an urlár os cionn an piano nobile, agus bhí ceathrú na searbhóntaí suite san áiléar. Chuir an dara staighre ar chúl rochtain ar fáil ar gach leibhéal urláir don teaghlach agus do shearbhóntaí.
Spásanna sóisialta a bhí sna seomraí galánta seo i dtosach báire chun saibhreas saolta, stádas agus ábhar spéise mhuintir an tí a thaispeáint. Thosaigh scothaicme Sheoirseach Bhaile Átha Cliath le spéis a léiriú i maisiú costasach, fabraicí galánta, agus troscán a rinneadh ó ábhair choimhthíocha, ar nós ‘gallchnó’ agus mahagaine.
Na 1800idí
I ndiaidh gur ritheadh Achtanna an Aontais sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn sa bhliain 1801, aistríodh an chumhacht go léir go Londain agus d’fhág na daoine ba thábhachtaí ó thaobh cúrsaí polaitiúla agus sóisialta de a chónaigh i mBaile Átha Cliath sa Tréimhse Sheoirseach chun cónaí i Londain na Leasríochta. D’iontráil Baile Átha Cliath agus Éire tréimhse inar tháinig meath ar an ngeilleagar, agus chuir na saighdiúirí agus na seoltóirí a d’fhill ar an tír ag deireadh Chogaí Napoléon leis an meath seo.
Ba chor cinniúnach é seo don tsráid. Thosaigh daoine gairmiúla ag cónaí ar an tsráid, dlíodóirí ina measc. Idir an bhliain 1800 agus 1850, chónaigh Peter Warren, aturnae, agus John Moore, Prócadóir na Cúirte Sainchirt in 14 Sráid Henrietta.
Idir an bhliain 1850 agus 1860, bhí ceanncheathrú Chúirt na nEastát Fiachbháite nuabhunaithe suite sa teach agus cheadaigh seo don Stát eastáit dhócmhainneacha a fháil agus a dhíol i ndiaidh an Ghorta Mhóir.
Sa naoú haois déag, baineadh úsáid dhifriúil agus ní ba phraiticiúla as na seomraí sa teach. Cuireadh deasca, pinn chleite agus páipéarachas in ionad an mhaisiúcháin agus an troscáin álainn i ndiaidh gur bhog coimisinéirí, abhcóidí, dlíodóirí agus cléirigh isteach sa teach.
D’fhill saol an teaghlaigh ar an tsráid go luath sna 1860idí nuair a bhí Mílíste Bhaile Átha Cliath lonnaithe sa teach go dtí an bhliain 1876, nuair a rinneadh baile Garastúin de Bhaile Átha Cliath, a raibh a mbeairic suite ag Halla an Línéadaigh.
Tháinig méadú thart ar 36,000 duine ar dhaonra Bhaile Átha Cliath daonra sna blianta i ndiaidh an Ghorta Mhóir, agus thosaigh tiarnaí talún agus a ngníomhairí le roinnt áiteanna cónaithe a dhéanamh dá dtithe baile mhóir Seoirseacha do chónaitheoirí nua na cathrach chun teacht i dtír ar an éileamh méadaitheach ar thithíocht nach raibh costasach do dhaoine bochta.
Sa bhliain 1876, cheannaigh Thomas Vance Uimhir 14 agus rinne sé 19 n-árasán tionóntáin den teach ina raibh seomra amháin, trí sheomra agus ceithre sheomra. Luadh an teach i bhfógra i nuachtán an Irish Times ón mbliain 1877:
‘Le ligean ar cíos le teaghlaigh mheasúla i dteach mór, ar an Taobh Thuaidh den chathair, páipéar ballaí curtha in airde le déanaí, péinteáilte agus gach feabhsú nua-aimseartha sláintíochta déanta, gás agus leithreas ar na cinn staighre, Uisce ó Abhainn Fheartraí, clós triomaithe agus sorn ina bhfuil oigheann do gach tionónta; teach mór cóiste, nó ceardlann ina bhfuil árasáin, le ligean ar cíos ar chúl an tí. Déan iarratas leis an bhfeighlí, 14 Sráid Henrietta.’
Na 1900idí
Ba ghnách gur theach baile mhóir a tógadh san ochtú nó sa naoú haois déag a bhí i gceist le dtionóntán i mBaile Átha Cliath a cuireadh in oiriúint, go garbh go minic, chun áit chónaithe a chur ar fáil do roinnt teaghlach. Bhí tithe tionóntáin ar fud lár chathair thuaidh Bhaile Átha Cliath; ar an taobh theas timpeall na Saoirsí, agus i ngar do cheantar na dugaí theas.
Tháinig athrú mór ar an úsáid a baineadh as tithe ar nós 14 Sráid Henrietta – ó bheith mar theach inar chónaigh teaghlach amháin ina raibh limistéir ar leith do mháistrí, máistreásaí, searbhóntaí, agus leanaí agus bhí siad líon lán anois le teaghlaigh – ba mhinic go raibh teaghlach amháin i seomra amháin – agus an seomra sin roinnte ina dhá nó trí sheomra níos lú – cistin, seomra suí, agus seomra leapa. Bhí teaghlaigh iomlána plódaithe isteach i spásanna beaga cónaithe agus bhí orthu, agus go leor daoine eile san fhoirgneamh céanna, an sconna agus an leithreas céanna taobh amuigh a úsáid.
Faoin mbliain 1911, bhí 100 duine in Uimhir 14 agus chónaigh breis agus 850 duine ar an tsráid. De réir an daonáirimh, bhí sé thar a bheith gnóthach – bhí haitéirí, gúnadóir (bantáilliúir!), snasairí Franacha, agus ceanglóirí leabhar ag cónaí agus b’fhéidir ag oibriú sa teach.
I ndiaidh gur bunaíodh an stát nua, tugadh tús áite d’fheabhas a chur ar dhálaí tithíochta i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1931, rinne Bardas Bhaile Átha Cliath a chéad ailtire cathrach, Herbert Simms, a cheapadh chun feabhas a chur ar chaighdeán na tithíochta sa chathair. Chruthaigh Simms agus a fhoireann pobail nua lasmuigh de lár na cathrach, áit a raibh plandaí, crainn agus aer úr, agus chuir seo tús leis na bruachbhailte. Chuir forbairt na bpobal nua seo deireadh le saol na dtionóntán i mBaile Átha Cliath, de réir a chéile.
D’fhág cónaitheoirí tionóntáin deireanacha Uimhir 14 go déanach sna 1970idí agus bhí an foirgneamh beagnach tréigthe ag a úinéirí faoin tráth sin mar gheall nárbh fhéidir cónaí san íoslach agus ar an tríú hurlár (an t-áiléar). I rith na tréimhse seo inar tugadh neamhaird ar an teach, thosaigh dlús ag teacht faoi na próisis lofa, agus tháinig lobhadh ar an adhmad struchtúrach, cailleadh an obair phlástair mhaisiúil, agus rinneadh loitiméireacht ar an teach, agus bhí sé nach mór réidh le titim as a chéile dá bharr.
Na 2000idí
Chuir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath tús le próiseas chun an teach a cheannach sa bhliain 2000, agus mar thoradh ar Phlean Caomhnaithe Shráid Henrietta, thug siad faoi aistear 10 mbliana chun an teach a cheannach, a athchóiriú agus a chaomhnú agus a chinntiú go bhfuil sé slán. Rinne seo an teach a chaomhnú don ghlúin amach anseo.
Osclaíodh 14 Sráid Henrietta don phobal i Meán Fómhair 2018.