14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Cainteanna Am Tae

Is sraith cainteanna é Teatime Talks a fuair spreagadh ó stair agus ó mhuintir 14 Sráid Henrietta.

Trí éisteacht agus dul i gcomhrá le cuairteoirí, staraithe, saineolaithe, daoine áitiúla, iarchónaitheoirí tionóntán agus a dteaghlaigh, leanaimid le scéal 14 Sráid Henrietta a thaispeáint, a thaifead agus a fhreagairt thar 300 bliain.

Bíonn Teatime Talks ar bun uair sa mhí, ar an Déardaoin.

Go dtí seo, tá fáilte curtha againn roimh staraithe, údair, iarchónaitheoirí, agus saineolaithe áitiúla chun a n-eolas a roinnt linn. Le chéile, rinne muid iniúchadh ar thábhacht na peile i lár na cathrach, mheas muid éabhlóid thithíocht na n-oibrithe i mBaile Átha Cliath, rinne muid mionscagadh ar shaoil na ndaoine stairiúla ar nós Margaret Skinnider agus Seán O’Casey, agus níos mó.

Más mian leat stair Bhaile Átha Cliath a chíoradh ar bhealach speisialta trí shúile 14 Sráid Henrietta, féach ar na Teatime Talks atá ag teacht chun cinn thíos.

Cosnaíonn ticéid €5 agus is gá áirithintí a dhéanamh roimh ré.

IMEACHTAÍ ATÁ LE TEACHT

An eol duit ábhar ar cheart a bheith ar Teatime Talk?

An bhfuil gné de stair Bhaile Átha Cliath atá ceangailte le Sráid Henrietta a cheapann tú gur chóir a chíoradh tuilleadh? Cuir ar an eolas muid más ea, trí theagmháil le Donal ar socialhistory@dublincitycouncilculturecompany.ie