ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA SRAITHE SÓISEARAÍ
TASC 1: AN STAIR Ó BHÉAL A SCRÚDÚ
Éist leis na scéalta ó bhéal ar leathanach Ghníomhaíocht 3: Guthanna.
- Cé chomh mór agus a aontaíonn na guthanna maidir le saol na dtionóntán?
- An bhfuil aon samplaí d’easaontú ann, nó de thaithí éagsúil? Déan liosta díobh thíos
TASC 2: TOGRA STAIRE ÁITIÚLA
Fiosraigh an chaoi a raibh an saol i do scoil, ar do bhóthar nó i do cheantar san am atá thart.
- Bailigh fianaise ar nós grianghraf, earraí, iontrálacha daonáirimh agus scéalta ó bhéal le tuiscint a fháil ar an saol sin.