ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA SRAITHE SÓISEARAÍ
ATHRÚ AR SHRÁID HENRIETTA
Naisc leis an siollabas:
- Príomhathruithe a Aithint
- Príomhathruithe / forbairtí i réimsí na polaitíochta agus i gcaidreamh idirnáisiúnta
- Tionchar lonnaíochta agus úinéireachta talún ar smaointe na féiniúlachta
- Ról daoine aonair suntasacha mar ghníomhairí athraithe
Tógadh Sráid Henrietta i lár an 18ú haois, beagnach 300 bliain ó shin, nuair ba chuid d’Impireacht na Breataine í Éire go fóill.
Tháinig athrú suntasach ar an tsráid in imeacht na mblianta, mar thoradh ar ghníomhartha roinnt daoine agus ar imeachtaí eile a thit amach in Éirinn agus timpeall an domhain. De réir mar a tháinig athrú ar an tsráid, tháinig athrú ar chineál na ndaoine a chónaigh ann freisin. Breathnaítear sa mhír seo ar a raibh i gceist leis na hathruithe sin agus ar an gcúis a bhí leo, ó tógadh Sráid Henrietta san 18ú haois go lár an 20ú haois.
Roimh 1800: Bunús Seoirseach Shráid Henrietta
Tugtar an Ré Sheoirseach ar an tréimhse ó 1714 go dtí na 1830idí. Sa tréimhse sin ba ghnách ‘an dara cathair d'Impireacht na Breataine’ a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath agus ba sa chathair seo a bhí an dara daonra is mó i measc chathracha na hImpireachta, tar éis Londan. Mar gheall ar an stádas seo, bhí an-tóir ag an uasaicme agus ag an scothaicme chumhachtach ar Bhaile Átha Cliath. Tógadh a lán comharsanachtaí galánta le linn na tréimhse sin, Cearnóg Mhuinseo agus Cearnóg Mhuirfean ina measc.
Tógadh Sráid Henrietta i lár an 18ú haois ar thalamh a bhí faoi úinéireacht Luke Gardiner, agus níorbh fhada go raibh sí ar an seoladh ba mhó tóir i mBaile Átha Cliath. Sna tríocha bliain tar éis do Shráid Henrietta a bheith tógtha b'áit chónaithe í do sheisear cónaitheoirí teidealta, beirt ghinearál ón arm, triúr ardeaspag, beirt urlabhraithe ó Theach na dTeachtaí agus Ard-Seansailéir na hÉireann.
Suíomhanna sóisialta agus polaitíochta ab ea na tithe cathrach uasaicme seo agus bhíodh cóisireacht agus polaitíocht ar bun iontu. Bhí baint ag beagnach gach cónaitheoir Seoirseach ar Shráid Henrietta – idir Theachtaí Parlaiminte, Tiarnaí agus lucht ceannais na heaglaise – leis an bpolaitíocht nó leis an dlí.
Níl ach beagán eolais againn ar na daoine a thóg Sráid Henrietta ach is féidir tuiscint a fháil ar shaol na ndaoine a thóg na tithe sin do na maithe agus na móruaisle. Agus obair athchóirithe ar bun roinnt blianta ó shin, thángthas ar shliogáin oisrí faoi chláir urláir 14 Sráid Henrietta. Bhíodh an-tóir ar oisrí mar smailc i mBaile Átha Cliath sa Ré Sheoirseach mar bhí siad saor agus éasca a fháil. D'fhéadfadh sé gur chaith na hoibrithe amach iad ag am lóin agus iad ag leagan cláir urláir ag 14 Sráid Henrietta beagnach 300 bliain ó shin.
LUKE GARDINER (A.1690 - 1755)
Ba é Luke Gardiner a dhear Sráid Henrietta. Níl ach fíorbheagán eolais againn ar óige, dúchas ná sliocht Gardiner ach creidtear gur rugadh é i mBaile Átha Cliath. Le himeacht ama bhí sé ar dhuine de na fir ba rathúla agus ba shaibhre in Éirinn. Teachta Parlaiminte agus baincéir ab ea é agus mar fhorbróir réadmhaoine d'fhág sé a rian ar thuaisceart Bhaile Átha Cliath. D'fhorbair sé Sráid Ghairdinéir, Cearnóg Mhuinseo agus Sráid Mhaoilbhríde agus ba eisean a chruthaigh Sráid Henrietta do mhaithe agus móruaisle na hÉireann.
Ainmníodh an tsráid i ndiaidh Henrietta, Bandiúc Grafton, arbh é a fear céile Fear Ionaid an Rí in Éirinn san am sin.
AN GINEARÁL BÍOCUNTA RICHARD MOLESWORTH (1680 - 1758)
A chónaigh i 14 Sráid Henrietta: 1751 - 1758
Ba iad an tArd-Bhíocúnta Richard Molesworth agus a dara bean chéile, Mary, an chéad teaghlach a chuir fúthu ag 14 Sráid Henrietta. Duine mór le rá san arm ab ea Richard Molesworth, a bhí i gceannas ar a reisimintí féin ag Cathanna Blenheim (1704) agus Ramillies (1706) le linn Chogadh Chomharbas na Spáinne. Ceapadh é mar Ard-Cheannasaí Arm Ríoga na hÉireann i 1751.
1800 - 1876: DLÍODÓIRÍ AGUS SAIGHDIÚIRÍ
In 1801, rith an Pharlaimint Acht an Aontais agus cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann dá bharr. Chiallaigh sé seo go ndéantaí cinntí polaitiúla i Londain agus nach raibh Baile Átha Cliath mar an dara cathair d'Impireacht na Breataine a thuilleadh. D'fhág an uasaicme an chathair agus chuaigh a lán sráideanna galánta i mBaile Átha Cliath as feidhm.
Le linn na tréimhse sin, tháinig an mheánaicme ghairmiúil – leithéidí dochtúirí agus dlíodóirí – chun cinn. Tréigeadh cuid de na foirgnimh Sheoirseacha a bhí galánta tráth agus athchóiríodh cinn eile mar oifigí agus tithe. Tá Óstaí an Rí lonnaithe ag barr Shráid Henrietta, agus cuireadh oiliúint ar dhlíodóirí agus abhcóidí ansin. De bharr go raibh an t-ionad léinn sin lonnaithe sa cheantar, bhí baint ag cuid mhaith de na daoine a bhí ina gcónaí nó ag obair ar Shráid Henrietta leis an dlí. Ó 1800 go dtí na 1840idí, áit chónaithe agus oibre d'aturnaetha ab ea 14 Sráid Henrietta.
Cuireadh a lán eastáit mhóra tuaithe as gnó mar gheall ar an nGorta Mór idir 1845-49. In 1849, cuireadh Cúirt na nEastát Fiachbháite (The Encumbered Estates Court) ar bun ag 14 Sráid Henrietta chun na heastáit ollmhóra sin a dhíol agus a bhfiacha a ghlanadh. Rinneadh seomra cúirte den teach cóiste ar chúl an fhoirgnimh.
Cur síos ar 14 Sráid Henrietta ó na 1850idí, nuair is Cúirt na nEastát Fiachbháite a bhí ann:
Reáchtáiltí an chúirt i “one of the houses in Henrietta Street - a small and quiet, but handsome street in the extreme north of the city of Dublin”. Cuireadh síos ar an seomra cúirte i dteach an chóiste ar chúil uimhir 14 mar “large, chilly-looking room, without a ceiling between the roof and the floor, furnished with some rows of seats for the public, a small table covered with green cloth for the bar and the attorneys, and an elevated bench unadorned even with the royal arms, for the commissioners”.
1860: FÓGRA DON GENERAL ENGINEERING, GEOLOGICAL SURVEY AND VALUATION OFFICE
1876 - 1911: NA TIONÓNTÁIN
Tháinig athruithe níos mó arís ar Shráid Henrietta mar gheall ar an nGorta Mór. Le linn an ama sin, bhog a lán daoine ón tuath go dtí na cathracha sa tóir ar obair agus bia. Thug tiarnaí talún áirithe faoi deara go raibh deis acu airgead a dhéanamh mar gheall ar an éileamh nua seo ar thithe agus cheannaigh agus d'athchóirigh siad tithe ollmhóra Seoirseacha mar 14 Sráid Henrietta le go bhféadfadh a lán teaghlach cur fúthu iontu.
Rinneadh seomraí beaga de na seomraí móra agus ní raibh na spiaraí a bhí eatarthu ach leath chomh hard leis na ballaí. Is féidir iarsmaí na spiaraí seo a fheiceáil go fóill ag 14 Sráid Henrietta sa lá atá inniu ann.
Roinneadh na daoine a bhí ina gcónaí sna foirgnimh seo an leithreas agus an soláthar uisce. Le himeacht ama, tugadh “tionóntáin” ar na foirgnimh seo.
Ó na 1860idí ar aghaidh, athchóiríodh roinnt tithe ar Shráid Henrietta mar fhoirgnimh thionóntáin. In 1876, cheannaigh Thomas Vance – arbh as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath dó – 14 Sráid Henrietta agus bhí sé i gceist aige tionóntán 14 árasán a dhéanamh den teach. Bhain sé amach na simléir mharmair agus na doirse mahagaine ón ré ghalánta Sheoirseach agus dhíol sé iad ar ceant. Bhain sé amach an staighre galánta ionas go bhféadfadh sé níos mó seomraí a chur ann agus rinne sé staighre comhroinnte de staighre na searbhóntaí. Chuir sé dhá leithreas ann.
Ar feadh cúpla scór bliain ina dhiaidh sin, bhí cónaí ar líon ollmhór oibrithe agus daoine bochta ag 14 Sráid Henrietta agus ag tionóntáin eile ar fud Bhaile Átha Cliath. I ndaonáireamh 1911, bhí níos mó ná 100 duine cláraithe a bheith ina gcónaí ag 14 Sráid Henrietta, teach a tógadh i gcomhair teaghlach amháin sna 1700idí.
1877: FÓGRA DO LÓISTÍN I 14 SRÁID HENRIETTA ÓN IRISH TIMES:
"To be let to respectable families in a large house, Northside, recently papered, painted and filled up with every modern sanitary improvement, gas and wc on landings, Vartry Water, drying yard and a range with oven for each tenant; a large coachhouse, or workshop with apartments, to be let at the rere. Apply to the caretaker, 14 Henrietta St."