ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA SRAITHE SÓISEARAÍ
TASC 1: SRÁID HENRIETTA I gCAITHEAMH AN AMA
Tarraingígí líne ama de Shráid Henrietta. Cuirigí leis an líne ama seo:
- Dátaí tábhachtacha
- Athruithe móra ar an tsráid
- Imeachtaí náisiúnta agus domhanda ba chúis leis na hathruithe seo
- Pearsana móra agus an bhaint a bhí acu leis na hathruithe seo
- Conas a d’athraigh an fhéiniúlacht ar an tsráid le himeacht ama
TASC 2: AG ÚSÁID AN DAONÁIRIMH
- Céard é an Daonáireamh?
- Féachaigí ar Dhaonáireamh na hÉireann (http://www.census.nationalarchives.ie/search/)
- Roghnaígí 1901 mar 'Census Year', roghnaígí ‘Dublin’ mar 'County' agus clóscríobh ‘Henrietta Street’ sa spás i gcomhair 'Townland/street’.
- Roghnaígí ‘Show all information’.
- Beidh sibh in ann féachaint ar ainm, aois, reiligiún agus post gach duine.
- Déanaigí liosta de chuid de na poist seo - an bhfuil aon phost ann nach n-aithníonn sibh? Céard iad?
- Féachaigí ar an daonáireamh arís ach roghnaígí 1911 an uair seo. Cuirigí na poist a bhí ag daoine i gcomparáid leis na poist i 1901. Céard iad na poist atá sa dá dhaonáireamh? An bhfuil poist nua ann?
- Déanaigí liostaí de na poist a bhí ag fir agus na poist a bhí ag mná don dá bhliain 1901 agus 1911. Céard iad na cineálacha post a bhí ag fir agus ag mná? An raibh siad éagsúil le chéile? An raibh siad mar a chéile?