ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA
BUNÚS SEOIRSEACH SHRÁID HENRIETTA
Naisc leis an siollabas:
- Deireadh na ríochta Éireannaí agus bunú an Aontais, 1770-1815
- Éire agus an tAontas, 1815-1870
Is í Sráid Henrietta an tsráid Sheoirseach is sine i mBaile Átha Cliath. Cuireadh tús le hobair thógála ar an tsráid i lár an 18ú haois, ar thalamh a bhí faoi úinéireacht Luke Gardiner. Níorbh fhada gurbh í Sráid Henrietta an tsráid ba ghalánta i mBaile Átha Cliath agus go raibh mórphearsana scothaicme na hÉireann ag iarraidh cur fúthu ann. Sna tríocha bliain tar éis do Shráid Henrietta a bheith tógtha b'áit chónaithe í do sheisear cónaitheoirí teidealta, beirt ghinearál ón arm, triúr ardeaspag, beirt urlabhraithe ó Theach na dTeachtaí agus Ard-Seansailéir na hÉireann. Suíomhanna sóisialta agus polaitíochta ab ea na tithe cathrach uasaicme seo agus bhíodh cóisirí, straitéisiú agus comhcheilg ar bun iontu. Bhí baint ag beagnach gach cónaitheoir Seoirseach ar Shráid Henrietta – idir Theachtaí Parlaiminte, Tiarnaí agus lucht ceannais na heaglaise – leis an bpolaitíocht nó leis an dlí. Ina measc bhí Lord John Maxwell (Barún Fhearnáin); Owen Wynne (Feisire do Shligeach); Iarla Thuamhan; George Stone (Easpag Fhearna); Nathaniel Clements MP; William Stewart (Iarla Bhaile Coimín); Sir Robert King (Barún Eanach Uí Bheannacháin); agus Nicholas Hume-Loftus (Iarla Éile).
Tar éis Acht an Aontais in 1801, chuaigh a lán sráideanna galánta i mBaile Átha Cliath as feidhm de réir mar a d'fhág an uasaicme agus na péicealláin an chathair. Le linn na tréimhse sin, tháinig an mheánaicme ghairmiúil – leithéidí dochtúirí agus dlíodóirí – chun cinn agus nuair a lonnaíodh Óstaí an Rí ag barr Shráid Henrietta rinneadh ceantar dlí den tsráid agus áit chónaithe, oiliúna agus oibre do na haturnaetha a bhí ann. Ó 1800 go dtí na 1840idí, áit chónaithe agus oibre d'aturnaetha ab ea 14 Sráid Henrietta.
Cuireadh na hEastáit Fhiachbháite ar bun mar thoradh ar an nGorta Mór i lár an 19ú haois chun dul i ngleic leis an líon mór eastát a bhí dócmhainneach. Bunaíodh Cúirt na nEastát Fiachbháite ag 14 Sráid Henrietta agus rinneadh seomra cúirte den teach cóiste ar chúl an fhoirgnimh. Ó 1849, úsáideadh 14 Sráid Henrietta chun díolachán na n-eastát ollmhór seo a bhainistiú agus chun na fiacha a bhain leo a ghlanadh.
Idir 1862 agus 1876, bhí feidhm eile arís leis an bhfoirgneamh agus é mar bheairic do Mhílíste Bhaile Átha Cliath agus mar áit chónaithe do shaighdiúirí agus dá dteaghlaigh. Is thart ar an am sin a rinneadh tionóntáin d'fhoirgnimh eile ar an tsráid den chéad uair. Ní raibh an lucht dlí a bhí ag obair go fóill ar an tsráid sásta go raibh saighdiúirí mar chomharsana acu agus rinne siad gearáin fhoirmiúla leis an rialtas mar gheall ar an torann ó na druileanna sular fhág an mílíste in 1876.
MUINTIR SHRÁID HENRIETTA
LUKE GARDINER (A.1690 - 1755)
Ba é Luke Gardiner a d’fhorbair Sráid Henrietta. Níl ach fíorbheagán eolais againn ar óige, dúchas ná sliocht Gardiner ach creidtear gur rugadh é i mBaile Átha Cliath. Le himeacht ama bhí sé ar dhuine de na fir ba rathúla agus ba shaibhre in Éirinn. Teachta Parlaiminte agus baincéir ab ea é agus mar fhorbróir réadmhaoine d'fhág sé a rian ar thuaisceart Bhaile Átha Cliath. D'fhorbair sé Sráid Ghairdinéir, Cearnóg Mhuinseo agus Sráid Mhaoilbhríde agus ba eisean a chruthaigh Sráid Henrietta do mhaithe agus móruaisle na hÉireann.
Ainmníodh an tsráid i ndiaidh Henrietta, Bandiúc Grafton, arbh é a fear céile Fear Ionaid an Rí in Éirinn san am sin.
AN GINEARÁL BÍOCUNTA RICHARD MOLESWORTH (1680 - 1758)
A chónaigh i 14 Sráid Henrietta: 1751 - 1758
Ba iad an tArd-Bhíocúnta Richard Molesworth agus a dara bean chéile, Mary, an chéad teaghlach a chuir fúthu ag 14 Sráid Henrietta. Duine mór le rá san arm ab ea Richard Molesworth, a bhí i gceannas ar a reisimintí féin ag Cathanna Blenheim (1704) agus Ramillies (1706) le linn Chogadh Chomharbas na Spáinne. Ceapadh é mar Ard-Cheannasaí Arm Ríoga na hÉireann i 1751.
Ba í Mary, Lady Belvedere, iníon Molesworth agus a chéad mhná. Choinnigh a fear céile í faoi bhraighdeanas baile (house arrest) in Gaulstown, Co. na hIarmhí ar feadh beagnach tríocha bliain mar chreid sé gur fheall sí air. Shéan Mary na líomhaintí ach thréig a teaghlach í mar gheall ar an scannal. Uair amháin, d’éalaigh sí agus theith sí go dtí 14 Sráid Henrietta chun cabhair a fháil óna hathair, ach chuir sé ó dhoras í.
AN BHANTIARNA MARY MOLESWORTH (1728 - 1763)
A chónaigh i 14 Sráid Henrietta: 1751 - 1758
Mary Jenney Usher a baisteadh ar Lady Mary Molesworth agus ní raibh sí ach cúig bliana déag d'aois nuair a phós sí Richard Molesworth i 1743, agus eisean seasca a trí bliain d'aois. Caidreamh a bheadh neamhdhleathach sa lá atá inniu ann. Chuir an t-údar Horace Walpole uirthi mar “a very great beauty, whose amiable character and virtue were beyond all suspicion, untainted and irreproachable.”
Bhí ochtar páistí ag Lady Mary agus fuair sise, deartháir léi agus beirt iníonacha léi (Mary agus Melosina) bás i 1763 nuair a chuaigh teach trí thine i Londain. Coirloscadh ba chúis leis an tine: searbhónta a bhí ag iarraidh gadaíocht a cheilt.
John Bowes (1691 - 1767)
A chónaigh i 14 Sráid Henrietta 1758 - 1767
Polaiteoir agus breitheamh Angla-Éireannach ab ea John Bowes. Bhí clú air as a gcumas sa dlí agus as an naimhdeas a bhí aige do Chaitlicigh.
Thug sé an breithiúnas seo tráth faoi aighneas maidir le talamh: "The law does not suppose any such person to exist as an Irish Roman Catholic, nor could such a person draw breath without the Crown's permission." Ní raibh aon ghean ag an bpobal air mar gheall ar na dearcthaí láidre a bhí aige.
Bhí cónaí air ag 14 Sráid Henrietta go bhfuair sé bás. Tá leacht ina chumhne in Ard-Eaglais Chríost, Baile Átha Cliath.
Mary Wollstonecraft (1759 - 1797)
A chónaigh i 15 Sráid Henrietta 1786 - 1787
Bhog Mary Wollstonecraft go dtí 15 Sráid Henrietta i 1786 chun obair a dhéanamh mar mháistreás do mhuintir Kingsborough. Níor réitigh sí go maith le Lady Kingsborough agus briseadh as a post í an bhliain dár gcionn. Cúig bliana ina dhiaidh sin scríobh sí an leabhar feimineach ceannródaíoch A Vindication of the Rights of Woman.
Tugann Wollstonecraft léargas dúinn ar na rialacha sóisialta leatromacha, dar léi, a bhí i bhfeidhm do mhná i mBaile Átha Cliath: “Dublin has not the advantages which result from residing in London; everyone’s conduct is canvassed, and the least deviation from a ridiculous rule of propriety… would endanger their precarious existence”.
FIANAISE AR AN SAOL AR SHRÁID HENRIETTA
An bhail a bhí ar an tsráid in 1807, tar éis Acht an Aontais:
“Henrietta Street, once the proud residence of the O’Neills, the Shannons, the Ponsonbys, the Kingsboroughs, the Mountjoys and the primates and chiefs of our religious establishments, is now a heavy melancholy group of monuments of our recent prosperity, it is literally covered with grass.” The Irish Magazine
Dhá chur síos ar 14 Sráid Henrietta ó na 1850idí, nuair is Cúirt na nEastát Fiachbháite a bhí ann:
“A large old-fashioned mansion in Henrietta Street, Dublin, was taken for the commissioners, the stable at its rear being enlarged into a court house, where the commissioners sat together two days weekly, and where the public sales of estates took place [...] the quantity of work which flowed in upon the court, especially in the years 1851-4 was in excess of all anticipations […] Little account was made of the usual office hours, or even of customary periods of vacation. The only anxiety was to clear off the heavy work in the offices as rapidly and efficiently as possible.”
‘The History and Statistics of the Irish Incumbered Estates Court’ in The Journal of the Statistical Society of London vol.44 No.2 (June 1881) pp.203-234
Reáchtáiltí an chúirt i “one of the houses in Henrietta Street - a small and quiet, but handsome street in the extreme north of the city of Dublin”. Cuireadh síos ar an seomra cúirte i dteach an chóiste ar chúil uimhir 14 mar “large, chilly-looking room, without a ceiling between the roof and the floor, furnished with some rows of seats for the public, a small table covered with green cloth for the bar and the attorneys, and an elevated bench unadorned even with the royal arms, for the commissioners”.