ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ NA hARDTEISTIMÉIREACHTA
ROINNT CEISTEANNA MACHNAIMH:
Sna 1720idí, thug Luke Gardiner faoi athrú ó bhonn a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath trí thithe móra a thógáil, gan ach tríocha bliain imithe thart ó Chath na Bóinne.
- Céard a bhí ag tarlú in Éirinn/san Eoraip a d'fhág go raibh an saibhreas sin sa chathair?
- Cén tionchar a bhí ag an bparlaimint ag Faiche an Choláiste ar an tír roimh Acht an Aontais?
- Cén saghas saoil a bhí ag mná Shráid Henrietta?
- Tar éis Acht an Aontais, tháinig meath ar chuid mhaith de na foirgnimh Sheoirseacha i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Cén chúis a bhí leis seo?
- Cén tionchar a bhí ag Acht an Aontais ar Shráid Henrietta? An raibh an tionchar céanna ag Acht an Aontais ar Shráid Henrietta agus mar a bhí ar cheantair eile i mBaile Átha Cliath sa ré Sheoirseach?