ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE
SRÁID HENRIETTA SAN AM ATÁ THART AGUS SA LÁ INNIU
Le linn na gníomhaíochta seo, cuirfidh do rang íomhánna éagsúla de Shráid Henrietta ar líne ama, agus pléifidh siad a bhfuil athraithe agus a bhfuil fanta mar a chéile in imeacht ama. Cuirfidh siad stair na sráide igcomhthéacs níos leithne na staire, agus a saolta féin, agus samhlóidh siad an chuma a bheidh ar an tsráid amach anseo.
Ag obair mar staraí:
- Am agus croineolaíocht
- Athrú agus leanúnachas
Naisc leis na snáitheanna seo a leanas sa churaclam staire:
- Rang 1-2
Mé féin
Leanúnachas agus athrú sa timpeallacht áitiúil - Rang 3-4
Tithe
Foirgnimh, suíomhanna nó fothracha i mo cheantar
Mo cheantar i gcaitheamh an ama
Leanúnachas agus athrú le himeacht ama
An saol san 18ú haois
An saol sa 19ú haois
Tithe - Rang 5-6
Tithe
Foirgnimh, suíomhanna nó fothracha i mo cheantar
Mo cheantar i gcaitheamh an ama
An saol san 18ú haois
An saol sa 19ú haois
Tithe, tithíocht, agus forbairtí uirbeacha
Comhtháthú ábhar:
- Tíreolaíocht: Imshaoil dhaonna - Daoine a chónaíonn agus a shaothraíonn sa cheantar áitiúil
- Eolaíocht: Dúile Beo - Mise
- OSPS: Mise - Ag fás agus ag athrú
- Na hamharc-ealaíona