ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE
TASC 1: Baile Átha Cliath I gCAITHEAMH AN AMA
(Rang 1 - 2, agus mar thúsphointe do rang 3 - 6)
- Breathnaígí ar na pictiúir seo a leanas de Bhaile Átha Cliath ag amanna éagsúla. Pictiúir de Shráid Henrietta atá i bpéire acu, agus de lár na cathrach an chéad cheann:
- Cuirigí in ord iad, ón gceann is sine go dtí an ceann is nua:
Cén fáth ar chuir sibh san ord sin iad?
Cén leideanna a chonaic sibh a chuidigh libh cinneadh a dhéanamh? - Cuirigí na pictiúir i gcomparáid lena chéile:
Céard iad na difríochtaí eatarthu?
Céard iad na cosúlachtaí?
Breathnaígí ar na daoine sna pictiúir - cén chaoi a bhfuil siad sin éagsúil lena chéile?
TASC 2: LÍNE AMA A CHRUTHÚ
- Tarraingígí líne ar phíosa páipéir. Scríobhaigí ‘1700idí’ ag foirceann amháin den líne agus ‘Inniu’ ag an bhfoirceann eile.
- Cén áit ar an líne ama a gcuirfeadh sibh na pictiúirí éagsúla ó Thasc 1?
- Cuirigí dátaí tábhachtacha eile le bhur líne ama, imeachtaí a tharla in Éirinn agus ar fud an domhain.
- Cuirigí leis dátaí ó bhur saolta féin, mar shampla an dáta ar rugadh sibh.
TASC 3: SRÁID HENRIETTA AMACH ANSEO
- Tarraingígí nó péinteálaigí an ceathrú pictiúr leis an gcaoi a samhlaíonn sibh an tsráid amach anseo.
- Samhlaígí cén bhliain ina bhféadfadh bhur bpictiúr a bheith tógtha - déanaigí bhur líne ama níos faide agus cuir an dáta nua seo léi.