ACMHAINNÍ DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE
1. FIANAISE A SCRÚDÚ
Cén chuma a bhíodh ar chluichí san am atá thart? Seo roinnt samplaí d’fhianaise a thabharfaidh leideanna daoibh faoi spraoi agus faoi chluichí sna tionóntáin:
Stair ó bhéal
- Is éard atá sa stair ó bhéal ná taifid de dhaoine ag caint faoina gcuid cuimhní. Sna taifid seo, cuireann páistí ó Ionad Pobail Shráid Hardwicke ceisteanna ar Pheter Brannigan, a d’fhás aníos i 14 Sráid Henrietta, faoin gcineál spraoi a bhíodh acu sna tionóntáin le linn a óige:
"What did you used to play?"
"What were the toys like?"
"What time did you come inside?"
- D’fhéadfadh an stair ó bhéal a bheith i bhfoirm físeáin freisin. Seo daoine eile a d’fhás aníos ar Shráid Henrietta agus iad ag caint faoi na cuimhní atá acu ar a n-óige:
AMHRÁIN AGUS RANNTA NA dTIONÓNTÁN
- Thaitníodh amháin agus rannta le páistí sna tionóntáin. Seo roinnt taifead de pháistí an lae inniu ag casadh cuid de na hamhráin ó aimsir na dtionóntán.
A Sailor went to Sea, Sea, Sea
Bluebells, Cockle Shells
1, 2, 3, My Mother caught a Flea
BRÉAGÁIN
- Dhéanadh go leor de na páistí sna tionóntáin a gcuid bréagán féin. Is scil é a seo a choinníodh go leor acu ar feadh a saoil. Seo tralaí a rinne fear darb ainm Leo, a d’fhás aníos i dtionóntán ar an gCé Adhmaid, ar an taobh ó dheas den Life.
Pléigí mar rang na píosaí éagsúla fianaise seo:
- Cén t-eolas a thugann siad dúinn faoi chluichí, faoi spraoi agus faoi fhás aníos in aimsir na dtionóntán?
- Céard iad na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí idir an t-am sin agus an lá inniu?
- (Do Rang 5-6) Cé acu seo ar foinsí príomha agus foinsí tánaisteacha iad? Cén fáth a gceapann sibh é sin?
AG IMIRT PIGGY BEDS
Cluiche sráide an-choitianta ab ea Piggy Beds do pháistí sna tionóntáin. Foghlaimeoidh sibh thíos an chaoi lena imirt.
Beidh na rudaí seo a leanas uaibh:
- Canna folamh snasáin bhróg nó canna folamh dí
- Cailc
- Dromchla réidh taobh amuigh
1. Tarraingígí na leapacha
- Faighigí dromchla réidh taobh amuigh, amuigh ón trácht agus ó chontúirtí eile, agus tarraingígí eangach mar seo a leanas le cailc:
2. Déanaigí bhur muicíní
- Faighigí canna folamh snasáin bhróg nó canna dí, líonaigí le gairbhéal nó le gaineamh é, agus greadaigí le bhur gcos ar a bharr le diosca a dhéanamh.
3. Imrígí
- Caithigí an muicín ar chearnóg uimhir a haon.
- Seasaigí ar chois amháin agus preabaigí isteach sa chearnóg.
- Leis an gcois atá fút, ciceálaigí bhur muicín isteach i gcearnóg 2 – má thiteann sé ar an líne, nó taobh amuigh de na línte, beidh sibh amuigh as.
- Preabaigí isteach sa chéad chearnóg eile. Ní cheadaítear ach preab amháin, agus cic amháin, in aghaidh na cearnóige.
- Coinnígí oraibh timpeall an eangaigh, go bhfeice sibh an féidir libh dul timpeall an eangaigh ar fad gan an dara cos a chur síos.
- ‘Leapacha scíthe’ iad cearnóga 4 agus 7 – is féidir libh bhur gcosa a chur síos anseo agus scíth a ligean.
- Coinnígí oraibh timpeall agus ar ais chuig cearnóg 1. Léimigí amach agus tosaígí arís – caithigí an muicín isteach i gcearnóg 2 agus tosaígí arís.
TASC 3: M’IARSMALANN
Déanaigí bhur n-Iarsmalann Cluichí féin trí fhianaise a bhailiú ón am atá thart agus ón lá inniu:
- Grianghraif
- Earraí
- Scéalta: labhraígí le daoine níos sine ná sibh. Cén sórt cluichí a d’imrídís agus iad óg? An cuimhin leo aon chluiche faoi leith? An féidir leo iad a thaispeáint daoibh?
- Bhur scéalta féin: Cén sórt cluichí a imríonn sibh féin? An féidir libh na treoracha a scríobh, a tharraingt nó a phéinteáil le cur isteach san iarsmalann?