14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Turais Scoile

Tá breis agus 300 bliain de stair Bhaile Átha Cliath le feiceáil laistigh de bhallaí 14 Sráid Henrietta. Le linn turais scoile, téann daltaí ar thuras iontach tríd an teach, óna bhunús galánta Seoirseach go dtí aimsir na dtionóntán.

Is féidir le daltaí breathnú ar an teach, éisteacht leis na scéalta faoi agus foghlaim faoi stair shaibhir Bhaile Átha Cliath laistigh de na ballaí seo. Dearadh turais idirghníomhacha ionas go mbeadh nasc idir iad agus an curaclam scoile agus le samhlaíocht do ranga a spreagadh.

Maireann gach cuairt uair an chloig agus í éascaithe ag treoraí turais. Tá an oiliúint chuí sláinte agus sábháilteachta faighte ag treoraithe agus baill foirne agus tá Creidiúnú Cairte Sábháilteachta Fáilte Ireland maidir le Covid-19 faighte ag an músaem.

ACMHAINNÍ SCOILE

Tá acmhainní ar líne saor in aisce ar fáil ag 14 Sráid Henrietta do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile agus dearadh iad le go mbeidh siad solúbtha agus inoiriúnaithe do gach leibhéal agus aoisghrúpa. Is féidir iad a úsáid sa seomra ranga nó sa bhaile, agus mar acmhainn bhreise roimh chuairt ar 14 Sráid Henrietta nó ina diaidh. Tá na hacmhainní bunaithe ar an stair agus déantar iniúchadh comhtháite ar an gcuraclam iontu. Is féidir teacht ar na hacmhainní scoile anseo.

CUIR TURAS SCOILE IN ÁIRITHE

Cosnaíonn turais bhunscoile €5 an dalta agus turais mheánscoile €6 an dalta.
Tá siad saor in aisce do mhúinteoirí atá i bhfochair na ndaltaí.

Ní mór do Mhúinteoir nó do Dhuine Fásta amháin ar a laghad maoirseacht a dhéanamh ar na daltaí i gcónaí agus ní féidir daltaí a fhágáil ina n-aonar san iarsmalann am ar bith.

Chun turas scoile a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost chugainn ag info@14henriettastreet.ie nó glaoigh ar 01 524 0383.

It really brought the human side of history alive for us ...
Cuairteoir a bhí ar Thuras Scoile chuig 14 Sráid Henrietta

Last updated: 20/05/2024