14 Henrietta Street | Award-winning Dublin Museum ShopBook Now
Shop Book Now

Scoileanna ag 14 Sráid Henrietta

Iarsmalann staire sóisialta a ainmníodh d’Iarsmalann na Bliana in 2020 is ea 14 Sráid Henrietta agus tá breis agus tá 300 bliain de shaol an teaghlaigh agus de shaol na cathrach le feiceáil ann. Téann cuairteoirí ar thurais threoraithe ó bhunús galánta Seoirseach an tí go dtí aimsir na dtionóntán. Tosaíodh ag tógáil na sráide seo sna 1720idí do theaghlaigh rachmasacha i mBaile Átha Cliath ach faoi 1911 bhí níos mó ná 850 duine ina gcónaí ann agus breis agus 100 acu ag 14 Sráid Henrietta.

Nuair a dhéanann muid ceangal le scéalta agus cuimhní na dteaghlach a bhí ina gcónaí ag 14 Henrietta faigheann muid léargas ar stair folaithe an fhoirgnimh. Is féidir léargas a fháil ar mhuintir agus ar stair Bhaile Átha Cliath trí na scéalta faoin teach agus faoin tsráid.

TURAIS SCOILE

Bíonn ríméad orainn fáilte a chur roimh ghrúpaí san iarsmalann do Thurais Scoile. Is féidir níos mó eolais a fháil anseo.

ACMHAINNÍ SCOILE

Tá sraith Acmhainní Scoile cruthaithe againn do mhúinteoirí i mbunscoileanna agus meánscoile araon ar mhian leo níos mó a fhoghlaim faoi stair na cathrach. Tá na hacmhainní seo bunaithe ar an stair agus déantar iniúchadh comhtháite ar an gcuraclam iontu. Tá ceithre shraith acmhainní ar fáil do na leibhéil éagsúla scoile: Bunscoileanna, an tSraith Shóisearach, an Idirbhliain agus an Ardteistiméireacht.

Dearadh na hacmhainní (físeáin, stair ó bhéal agus PDFanna is féidir a íoslódáil/a phriontáil ina measc) le go mbeidh siad solúbtha agus inoiriúnaithe do gach leibhéal agus aoisghrúpa. Is féidir na hachmhainní seo a úsáid sa seomra ranga, sa bhaile, agus mar acmhainn bhreise roimh chuairt ar 14 Sráid Henrietta nó ina diaidh.

Page last updated: 20 May 2024